MO CÚRSA NUA – – – MY NEW COURSE
Ag tosú 26 Méan Fómhair 2022 — Beginning 26 September 2022
Seisiún eolais ar líne: Seisiún eolais maidir le Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht | Gaelchultúr (gaelchultur.com)
Online Information Session:Information session about Sustainable Ventures: Purpose, Strategy and Leadership | Gaelchultúr (gaelchultur.com)
*********************************************************
Fiontair Bheo
Gach eolas ar an suíomh idirlín seo:
Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht | Gaelchultúr (gaelchultur.com)
Cur síos ar an gCúrsa
Tá géarghá le hathrú paraidíme ar mhisean, cuspóir agus luachanna eagraíochtaí agus daoine aonair chun cur in aghaidh fadhbanna sóisialta agus comhshaoil amhail éagothroime rachmais, caillteanas bithéagsúlachta agus athrú aeráide. Agus iad dírithe ar mhéadracht bhaoise agus tarraingt na meán, ní bearta éifeachtachta iad spriocanna freagrachta sóisialta corparáidí chun sochaí rathúil agus pláinéad rathúil a chinntiú.
Freagairt radacach ar dhúshláin eacnamaíochta agus chomhshaoil is ea Fiontair Inbhuanaithe: Straitéis, Cuspóir agus Ceannaireacht. Is é an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, údar agus ollamh, a dhear an cúrsa agus a chuireann i láthair é. Tá an clár seo, a bhfuil clú idirnáisiúnta air, bunaithe ar an dearbhú gur acmhainní cumhachtacha iad cultúr agus traidisiúin na hÉireann lena spreagtar brí, nuálaíocht agus cruthaitheacht agus lena gcuirtear sláine éiceolaíoch agus rathúnas eacnamaíoch chun cinn.
Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa treoir agus tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe chun tuiscint níos doimhne agus níos iomlánaíche a fháil ar conas a chruthaítear agus a roinntear luach, idir luach airgeadúil agus luach neamhairgeadúil, trí fhiontair inbhuanaithe atá bunaithe ar chuspóir a fhorbairt.
Pléitear réimse coincheap sa chúrsa, lena n-áirítear fíorluach, an nuálaíocht athghiniúnach, an t-ábharachas, an t-éiceadhearadh, an geilleagar ciorclach, an tomhaltachas eiticiúil agus neart eile. I dteannta na dtéamaí lárnacha seo, tá sé mar aidhm ag Fiontair Inbhuanaithe rannpháirtithe a ullmhú leis an eolas praiticiúil agus na hacmhainní a theastaíonn chun fiontar athghiniúnach a bhunú, iarratais ar mhaoiniú a chur isteach agus naisc ag a bhfuil tionchar a fhorbairt le ceannairí tionsclaíochta. Lena chois sin, bíonn deiseanna ag na mic léinn leas a bhaint as a gcuid taithí ar an obair agus ar aon saol chun cíoradh a dhéanamh ar na smaointe agus na topaicí a chlúdaítear sa chúrsa.
Déantar fiosrú sa chúrsa ar an ról ríthábhachtach atá ag an údaracht, ag an tuiscint ar mórtas dúichí agus ar an bhféiniúlacht i bhfiontair atá faoi úinéireacht an phobail agus lonnaithe i ndúiche faoi leith. Pléitear fiontair spreagúla in earnálacha an bhia, na n-ealaíon, na turasóireachta, an fhuinnimh in-athnuaite agus in earnálacha eile nach iad.
Bainfidh tú tairbhe as an dioplóma gairmiúil 12 sheachtain seo:
- Má tá tú ag iarraidh an t-eolas agus an tuiscint atá agat ar an ngeilleagar glas domhanda a fheabhsú.
- Más duine cruthaitheach fadbhreathnaitheach nuálach thú agus má theastaíonn na scileanna praiticiúla uait chun fiontar glas a bhunú agus a fhorbairt.
- Má tá tú ag iarraidh fiontar a bhunú, do chonair ghairme a athrú nó cur le do thacar sainscileanna laistigh den ról atá agat faoi láthair.
- Má tá tú ag dréim le dearcadh níos glaise ar shaincheisteanna eacnamaíochta agus comhshaoil laistigh de d’ionad oibre.
- Más mian leat a bheith mar chuid de líonra gníomhach agus nuálach de dhaoine gairmiúla a bhfuil an dearcadh céanna acu agus a bhfuil todhchaí athghiniúnach mar chomhsprioc acu.
TÁBHACHTACH: Is trí mheán na Gaeilge a chuirtear an chúrsa seo i láthair ina iomláine, lena n-áirítear na léachtaí, an plé ranga agus na tascanna ar fad. Ba chóir go mbeadh gach duine atá ag iarraidh clárú ar an gclár muiníneach as cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus as é/í féin a chur in iúl trí mheán na Gaeilge.
________________________________________________________________________________________________
Sustainable Ventures
Full details on this website:
Sustainable Ventures: Purpose, Strategy and Leadership | Gaelchultúr (gaelchultur.com)
Course Description
There is an urgent need for a paradigm shift in the mission, purpose, and values of organisations and individuals to counter social and environmental problems such as wealth inequality, biodiversity loss, and climate change. Focusing primarily on vanity metrics and media attraction or corporate social responsibility (CSR) targets are not effective measures in ensuring a thriving society and planet.
Sustainable Ventures: Strategy, Purpose, and Leadership, offers a radical response to economic and environmental challenges. The course is developed and delivered by author and professor Dr. Finbarr Bradley. This internationally acclaimed programme is founded on our assertion that Ireland’s culture and traditions represent powerful resources that stimulate meaning, innovation and creativity while promoting ecological integrity and economic prosperity.
The course aims to guide and support participants in acquiring a deeper, holistic understanding of how value, both monetary and non-monetary, is created and shared through the development of purpose-driven sustainable ventures.
The course will examine a range of concepts including real value, regenerative innovation, materialism, eco-design, circular economy, ethical consumerism, and much more. In addition to these central themes, Sustainable Ventures aims to equip participants with the practical knowledge and resources required to establish a regenerative enterprise, submit successful applications for funding and develop influential connections with industry leaders. Students will also have opportunities to draw on their own work and life experiences to explore the ideas and topics covered in the course.
Sustainable Ventures: Strategy, Purpose, and Leadership is delivered completely through Irish, including all lectures, class discussions and assignments. Those wishing to enrol in the programme should be confident in communicating and expressing themselves through the medium of Irish.
The course delves into the critical role that authenticity, belonging, rootedness, sense of place and identity play in community-owned and place-based enterprises. Inspiring ventures in sectors such as food, the arts, craft, tourism, renewable energy and more, are also examined.
You’ll benefit from this 12-week professional diploma, if:
- You want to enhance your knowledge and understanding of the global green economy.
- You are a forward-thinking innovative creator who desires the practical skills necessary to establish and grow a green venture.
- You’re looking to start an enterprise, shift career paths or broaden your skill set within your current role.
- You strive for a greener outlook to economic and environmental issues within your workplace.
- You want to become part of an active and innovative network of like-minded professionals sharing a common goal for a regenerative future.