Presented at: Seoladh Leabhar, ‘Cá bhfuil Áibil do Dheartháir?’ le Helen Ó Murchú, Foilsiúcháin Ábhair Spioradálta (FS), Foras na Gaeilge, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, 3 Nollaig, 2015.
pdf – seoladh leabhair – cá bhfuil áibil
text version (uncorrected) follows:
Tá an-áthas orm bheith anseo chun leabhar Helen Cá bhfuil Áibil do Dheartháir? a sheoladh. Táimid anseo freisin chun ceiliúradh a dhéanamh faoi saothar eile Helen a d’fhoilsigh Foilsiúchain Ábhair Spioradálta (FS) le blianta anuas, sin:
- Ceisteanna na Linne (2008): plé ar cheisteanna atá conspóideach don Stáit is don Eaglais Chaitliceach;
- An Chriostaíocht le Sinseareacht (2010): trácht ar leanúnachas an chreidimh in Éirinn; agus
- An tOideachas Chaitliceach (2011): stair an oideachais sa tír.
Maidir le Cá bhfuil Áibil do Dheartháir, tosóidh mé le ráiteas tacaíochta ó Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn, a léiríonn go beacht cad atá sa leabhar seo (‘quote’):
“…..plé cuimsitheach…..i nGaeilge ar cheisteanna a bhaineann le eitic, leasú an mhargaidh, teagasc sóisialta na hEaglaise Caitlicí, agus an plé atá ar bun go hidirnáisiúnta ag smaonteoirí is fealsaimh na linne faoin gá atá ann do fhís nua don eacnamaíocht domhanda.” (‘críoch quote’)
Agus alt go dtosaíonn Helen féin sa Réamhrá (‘quote’):
“Ní bréag a rá nach minic a bhíonn lucht aoncheirde ar aonfhocal. Is annaimhe fós a bhíonn proifisiúnaigh ó ildhisciplíní ar an bport céanna. Is neamhghnách agus is tábhachtach ar shlí dá réir a bhfuil ag titim amach faoi láthair nuair atá eacnamaithe d’ardcháil, fealsaimh mheasúla agus polaiteoirí machnamhacha go léir ar aon aigne faoi nithe áirithe. Ní hamháin sin, ach go bhfuil siad ar aon aigne is cosúil le seasamh leanúnach na hEaglaise Caitlicí ar na nithe céanna…..” (‘críoch quote’)
Sampla maith den ‘aon aigne’ sin ná:
- Ráiteas Amartya Sen: “Is é Forbairt ann dáiríre, ná Saoirse”; agus
- Mana Pápa Pól VI i Populorum Progressio [1967]: “Is é Forbairt an t-ainm nua ar Shíocháin.”
Tá leagan cuimsitheach ag an leabhar féin, sin:
Cuid 1: Físeanna, ina bhfuil fís na hEaglaise á shuíomh taobh le taobh le léargas saineolaithe ó dhiscipliní leasmhara, a leithéid ár nUachtarán féin agus Amartya Sen arís, Tim Jackson, Joseph Stiglitz, Paul Krugman, Michael Sandel, Thomas Piketty agus Jürgen Habermas.
Cuid 2: Mínithe, ina bhfuil achoimre gairid ar na comhphiontí ó dhearcaí éagsúla a bhfuil aontú orthu and scrúdú ar éifeachtaí na héagothromaíochta mar thréith róchoiteann sa sochaí forbartha comaimseartha.
Cuid 3: Réitigh?, ina bhfuil cur síos ar gnéithe den ghéarchéim dhomhanda ó thaobh roinnt de na cúiseanna agus iarracht an t-iomlán a shuíomh i gcomhthéacs níos leithne thodhchaí an chine dhaonna.
Críoch – Ina thugann Helen stracfhéacaint siar ar ráitis éagsúla na Vatacáine, chun moltaí áirithe a aimsiú.
Tá clúdach álainn aige, le dearadh ó shean-cara liom, Daire Ó Béaglaoich, ó Graftrónaic. Tugann an clúdach tuiscint ó thaobh méid an cló de na hábhair atá clúdaithe sa leabhar, agus an béim a chuirtear orthu san ainailís, a leithéid:
- Ceart, Eitic, Saoirse sa chéad grád
- Luachanna, Fís, Síocháin sa dara ghrád
- Cothromaíocht sa triú grád
- Carthanacht, Forbairt sa ceathrú grád, etc…
- Agus ainmneacha saineolaithe fite fuaite tríd,….
Is é cuspóir an teagasc shóisialta ná treoir a chur ar fail don iompar Críostaí. Thar aon ní eile, mar a scríobhann Helen, is gnéithe sheasmhacha don Eaglais ina theagasc sóisialta iad:
- “forbairt an duine ar a oilithreacht chun Dé”
agus
- “tábhacht agus dínit an duine mar chroílár
gach uile ní ar domhan.”
Ba mhaith liom díriú ar théama amháin go bhfuil suim faoi leith agam ann, chun a léiriú cé comh comhaimseartha agus ábhartha atá saothar Helen, sin:
‘Forbairt, Saoirse agus Daonnacht i nGheilleagar an lae inniu’
Táim chun féachaint ar cad a chiallaíonn sé nuair atá eagraíocht, abair comhlucht príobháideach nó poiblí, á oibriú bunaithe ar theagasc sóisialta na hEaglaise.
Ceist tosaidh: cad é príomh-chuspoír eagrais ghnó? Is ‘chun brabús a dhéanamh tríd earraí a dhíol’ an ghnáth freagra a chloistí. Glactar gurb é aidhm comhlucht brabús agus ioncaim a mhéadú gach bliain, nó fiú gach ráithe, agus fás mar sin go deo. Cinnte, sin tuairim eacnamaithe, anailísithe airgeadais, lucht Wall Street, agus formhór pobal na tíre seo.
Feictear ról fostaithe airgead a ghnóthú dá gcomhluchtaí. Nach nglaoitear ‘human resources’ orthu?
Ach sin difríocht bunúsach leis an teagasc sóisialta, mar dar leis an Eaglas, ní ‘acmhainní daonna’ ach ‘daoine daonna’ iad!!
Mar adúirt an Pápa Prionsias ar an 16 Bealtaine 2013 agus é luaite ag Helen ar leath. 38 (‘quote’):
“….g(h)éarchéim dhaonna atá laistiar den gheárchéim airgeadais sa méid is nach dtugtar tús áite don duine dhaonna. Agus an fáth atá leis sin go ndiúltaítear don eitic, do Dhia féin. Is constaic atá san eitic, dála na dlúthpháirtíochta. Tá de dhearcadh ar an eitic gur ní friththáirgiúil í; gur ní ródhaonna í a dhéanann coincheapa coibhneasta den chumhacht agus den saibhreas; gur bagairt í mar ní cheadaíonn an eitic mí-ionramháil ar dhaoine nó iad a chur faoi chois. Ar deireadh, diúltaítear don eitic ar an gcúis gur chun Dé a threoraíonn an eitic sinn. Agus tá Dia lasmuigh de chatagóir an mhargaidh.” (‘críoch quote’)
Is léir mar sin nach cuspóir comhlucht airgead a ghnóthú, brabús a dhéanamh nó praghas scaireanna a mhéadú, bun cloch teagasc sóisialta na hEaglaise.
De réir an teagasc sóisialta, tá cuspóirí níos doimhne ann. Sin difríocht a dhéanamh tríd leas an phobail a ardú agus níos mó ciall ina shaol a thabhairt don duine ina áit oibre.
‘Sé an cheist bunúsach a gcaithfidh comhlucht bunaithe ar an teagasc sóisialta a fhreagairt ná: ‘An bhfuil ár dtáirgí nó seirbhísí ag forbairt daonnacht, dígnít agus barántúlacht (‘authenticity’) an phobail; ní amháin ag cur le forbairt an chóras eacnamaíochta nach bhfuil mar sprioc saol aon duine ach caitheamh ábhair (‘material spending’)’. Mar dar leis an Eaglais, trádmhalartú atá ann go minic idir saibhreas airgeadais agus saibhreas spioradálta.
Agus tá comhluchtaí rathúla ann nach bhfeiceann airgead á ghnóthú mar a bpríomh aidhm. Díríonn said ar ciall agus eitic inbhuanaitheach a neadú i gceartlár gach ní a dhéanann siad. Spreagadh níos cumhachtaí í ciall ná airgead d‘eagraíochtaí mar iad.
Tá radharc fadtéarmach, ní meon an ghearrthéarmachais bunaithe ar fhás agus ioncam acu. Tá a gcuspóirí bunaithe ar fhorbairt, ar bheocht agus ar fholláine. Tá riachtanas níos tábhachtaí ná ollmhaitheas agus idirspléachas ná neamhspléachas. In ionad smacht agus costais a bheith in uachtar, is ciall, foghlaim agus muinín atá ar barr, gnéithe bunaithe ar dhaonnacht agus dignít an duine. Ní obair rud a gcaithfeá a dhéanamh chun tuarastal d’fháil ach mar bhealach chun an daonnacht a fhorbairt agus a chothú.
Mar sin, difríocht bunúsach idir comhluchtaí bunaithe ar an teagasc sóisialta agus gnáth gnóanna ná ní ghlactar le daoine mar acmhainn chun sprioc a bhaint amach (‘means to an end’). Agus ní fheictear daoine mar inneall ach mar phobal atá ag lorg an leas coiteann (‘common good’) mar thoradh ar a gcuid oibre. Agus ní rud breise (‘add-on’) é freagracht; is cuid lárnach dá DNA é! Go deimhin, is é feabhsú an tsaoil an raison d’être atá acu!
Cruthaíonn gnóanna mar iad ionad oibre a ligeann dá n-oibrithe forbairt agus rathúlacht i timpeallacht foghlamtha. Agus faigheann siad muinín agus dílseacht ar ais ó oibrithe agus custaiméirí araon.
Leag an Pápa Prionsias béim ar théama mar sin in Evangeli Gaudium i 2013 mar atá mínithe ag Helen ar leath. 88 (‘quote’):
“Is glao atá i gcúrsaí gnó, agus is glao uasal é fhad is a fheictear do lucht a chleachtaithe go bhfuil brí níos folláine i saol an duine, gur gá freastal ar an leas coiteann.” (críoch quote’)
Mar sin, agus glacaim gur mionlaigh iad sa tír seo, tá fiontraithe aislingigh agus ceannairí freagacha a chuireann maitheas daoine roimh uasmhéadú brabúis agus a chruthaíonn gnóanna atá dírithe ar fíor luach a chruthú do daoine agus don tsochaí i bhfoirm ciall agus féiniúlacht.
Agus cé go bhfuil cuma frith-chumasach (‘counterintuitive’) seo a rá, tá go leor fianaise ann go n-éiríonn níos fearr go minic lena comhluchtaí úd sa mhargadh, fiú ó thaobh cúrsaí airgeadais de! Is de bharr go bhfuil cuspóirí doimhin agus ionracas as an ghnáth acu go mbíonn siad cruthaitheach agus nuálaíoch. Mar sin, cé nach airgead a bpríomh-aidhm, déanann siad brabús mar tá modh oibre uathúil acu a chothaíonn buntáiste iomaíoch inbhuanaitheach dóibh.
Sin ráite, ‘sé tuairim formhór muintir na tíre nach bhfuil sé réadúil bheith ag caint faoi a leithéid cothromaíocht, muintearas, flaithiúlacht ná carthannacht i gcomhthéacs cúrsaí gnó. Ach is géilleadh sin do dhomhan faoi smacht ag comhluchtaí ilnáisiúnta ilghluaiste, iad ag iarraidh gach buntáiste airgead a aimsiú ar fud na cruinne.
Cinnte is géilleadh meon formhór lucht polaitíochta agus polasaí na tíre, agus iad ag cur béim neamhghnách ar comhluchtaí idirnáisiúnta a mhealladh agus ar thaighde eolaíochta agus teicneolaíochta mar bunchloch polasaí cruthaitheachta agus nuálaíochta an Stáit.
Ach is sean-dearcadh bunaithe ar thuairimíocht an Ré Thionclaíoch atá acu, ré atá ag imeacht ar gcúl de réir a chéile. Cé gur gá acmhainní inláimhsithe (‘tangible’), mar shampla, airgead agus teicneolaíocht, ní leor iad siúd inniu. Acmhainní doláimhsithe (‘intangible’) atá riachtanach. Níos mó ná sin, is na hacmhainní is luachmhaire agus is inbhuanaithí ná siúd atá neamhinste: inspioráid agus féintuiscint ach go háirithe.
I ndeireadh na dála, tá ciall níos tábhachtaí ná eolas sa ré nua! Tá an fhírinne (‘truth’) le fáil ó scéalta nach bhfuil b’fhéidir ‘fíor’ sa ghnáth ciall, ach de bharr go gcothaíonn said an spiorad tá siad comh luachmhar le fírící (‘facts’) atá bainteach le loighic. Tá ‘foghlaim chun bheith’ (‘learning to be’) níos tábhachtaí ná ‘foghlaim faoi’ (‘learning about’).
De réir mar atá an geilleagar domhanda ag éirí níos casta agus dinimiciúil, is mó an tábhacht le dígnít agus daonnacht an duine. Caithfidh tír bheag mar Éire eitic scothsheirbhís a lonnú i gcroílár a cuid polasaithe nuálaíochta agus iomaíochta. Ba chóir dúinn béim a chur ar comhluchtaí beaga, fréamhaithe sa phobal áitiúil, ina bhfuil an spiorad agus an dúchas ar chomhchéim le réasúnaíocht mar bunús dár straitéis forbartha.
Sin an slí chun féintulleamaí (‘self-reliance’) a spreagadh. Nár tháinig prionsabal an choimhdeacht (‘subsidiarity’), adeir gur chóir cinnidh tarlú ag an leibhéal is ílse, gur bhain E.F. Schumacher clú amach nuair a scríobh sé faoi ina leabhar Small is Beautiful, ón imlitir Quadragesimo Anno de Pápá Pius XI i 1931?
Léiríonn imlitir na pápaí sa leabhar ó Rerum Novarum in 1891 go dtí an lae inniu roghanna eile don chórás caipitleachas gearrbhraithneathach. Sin an fáth go bhfuil saothar Helen faoi imlitir agus tuairimí na bpápaí comh tráthúil agus comh luachmhar san. Mar a léiridh an pápa Prionsias féin ina imlitir Laudato Si’ le déanaí faoin athrú aeráide, tá ré nua, Ré na Inbhuaineatheachta, ag teacht go tapaidh ar an bhfód. Ní gá dúinn ach féacaint ar imeachtaí ag COP21 i bPáras an tseachtain seo chun sin a aithint.
Ionsaíonn an Pápa i Laudato Si‘ an paraidím go nglaonn sé ‘An Paraidím Teic-Eacnamaíoch‘ ar. Glactar i sin go bhfuil daoine saor má tá siad in ann caith mar tomhaltóirí. Ach i ndáiríre ní daoine saor iad ach siúd atá i gceannas ar chúrsaí eacnamaíochta agus airgeadais na cruinne.
Is ídéal uasal é saoirse agus tá féin-smacht mar bhun cloch de; tá freagracht nó dualgaisí ar comh-leibhéal le cearta agus teorainn comh tábhachtach le fás. Daoine atá saor, tá siad ag iarraidh bheidh comh maith agus is féidir tríd obair den chéad scoth a sholárthar. Faoi mar a dúirt an Pápa Eoin Pól II tráth (‘quote’):
“Freedom consists not in doing what we like, but in having the right to do what we ought.” (‘críoch quote’)
Ach muna bhfuil daoine sásta tochaint go doimhin chun iad feín a thuiscint, agus meas a bheith acu ar an leas coiteann, poblachtánachas sibhialta mar a ghlaoigh Helen tráth, iompraíonn said isteach i tomhaltóirí gan intinn dá gcuid féin, creach (‘prey’) éasca do ‘saoirse bréagach’ an ionad siopadóireachta.
Mar adeir an Pápa, is cur i gcéill atá i bhfás gan teorann, moladh eacnamaithe agus lucht airgeadais. Léirigh sé seo i Laudato Si‘ i bhfocail a bhain geit as mórán (táim chun seo a rá i mBéarla) (‘quote‘):
“The earth, our home, is beginning to look more and more like an immense pile of filth.” (‘críoch quote‘)
Thug an Pápa foláireamh don pobal Caitliceach go bhfuil an ‘tomhaltachas neamhshrianta‘ ag loit an sochaí (arís as Béarla) (quote):
“The emptier a person’s heart, the more he or she needs things to buy, own and consume. It becomes almost impossible to accept the limits imposed by reality. In this horizon, a genuine sense of the common good also disappears.” (‘críoch quote’)
Tá tuairim forleathan ann go bhfuil fócas comhluchtaí ró-chúng; go bhfuil sin dírithe ar méadú airgeadais de mionlach in ionad maitheas a dhéanamh don tsochaí go ginearálta; go bhfuil oibseisiún le fás eacnamaíochta a uasmhéadú ag tarlú beag beann ar folláine iomláin an phobail; agus sin go léir ag déanamh dochar do fíor dul chun cinn an tsochaí.
Caithfimid an tuiscint ar cad is ‘fiúntas’ a shaorú ó na slabhraithe docht daingean ina bhfuil an lucht rachmais tar éis é a chur agus a thaispeáint gur féidir le gnónna saol níos fearr a thairiscint don phobal uilig. Caithfidh ceannairí na tíre féachaint ar fiontair ní mar innill chun airgid a ghnóthú thar aon ní eile agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá tiomáinte ag cuspóirí a chothaíonn fíor luach do chách.
Is tuiscint bréagach atá ann gur eolaíocht saor ó luachanna atá san eacnamaíocht. Ná ní mar sin a bhfaca Adam Smith, sheanathair margaí eacnamaíochta an scéal. Ina leabhar, The Theory of Moral Sentiments, scríobh sé go gcaithfidh an geilleagar bheith fréamhaithe sa mhóráltacht. Mar a deir Helen (leath. 24): “luach seachas praghas, ansin a luíonn an diminsean mórálta.”
Tá sé soiléir gur smaointeoireacht úr radacach atá sna himlitir léirithe ag Helen. Tá sé soiléir freisin go bhfuil élite sa tír seo, a fheictear orthu féin mar forchéimnithe (‘progressives’) i nithe a bhaineann le móráltacht príobháideach agus an deighilt idir an Eaglas agus an Stát. Ach glacann siad leis an status quo i gceisteanna a bhaineann le móráltacht poiblí agus structúr éagothrom an geilleagair féin, ní gá ach aisiompú (‘inversion’) Pfizer-Allergen an tseachtain seo chaite a luaigh. Ní thuigim san!
Dar liom, is í teagasc sóisialta na Eaglaise an t-aon múnla soiléir, iomlánaíoch, radacach agus comhtháite atá in ann cruacháis an domhain gnó caipitíleach a réiteach. Tá dearcadh na hEaglaise faoi daonnacht agus dígnít an duine mar bun-chloch do chúrsaí ghnó ag éirí níos tábhachtaí agus níos luachmhaire in aghaidh an lae. Agus cinnte, gan athnuachan spioradálta, mórálta agus cultúrtha, ní bheith rath ceart leanúnach ar gheilleagar ná sochaí na tíre seo.
Chun críoch a chur le mo chuid cainte, ba mhaith liom tagairt beag a dhéanamh do leabhair eile Helen atáimid ag ceiliúradh anocht, agus teachtaireachtaí faoi leith a bhfuair mise á léamh:
- Tá an geilleagar domhanda ag creimeadh institúidí mar an Eaglais Chaitliceach, ar a mbraitheann mórán mar chosaint ar fhórsaí na margaí. Léiríonn saothar Helen gurb é an Gaelachas dúshraith dhílis na spioradáltachta ag pobal na hÉireann. Ach de réir mar a chúlaigh an Eaglais Chaitliceach ón domhain Gaelach agus gur ghlac sí gur chuid den domhain Bhéarla na Gaeil, tugadh neamhaird ar chleachtais ársa agus meánaoiseacha na hEaglaise Gaelaí. Caithfidh an Eaglas ath-tharraingt óna dhúchas shaibhir féin má tá athnuachan chun teacht ar in Éirinn an lae inniu.
- Léiríonn obair Helen ar chúrsaí oideachais go ngabhann naisc idir an eolaíocht, an teicneolaíocht, an dúchas agus an spioradáltacht siar go dtí traidisiún agus cruthaitheacht ársa na nGael. Ní raibh aon scoilt mar atá inniu idir an spioradáltacht, na heolaíochtaí, an mata agus ceardaíocht nuair a bhunaigh manaigh as Éirinn scoileanna ar fud na tíre agus ar an Mór-Roinn le linn Ré Dorcha na hEorpa. Seo an focail scoir uaimse, agus í ag tagairt do na hionaid a bhunaigh na manaigh sin, scríobh Helen ina leabhar An Christíocht le Sinsearacht: “Seans gur mó eolas ag roinnt ‘dinimircigh an lae inniu ná mar atá ag na dúchasaigh in aice leo ag searmanais eaglasta.”
Comhghairdeas do Helen, Frainc agus foireann Foilsiúcháin Ábhair Spioradálta (FS) agus is cúis áthas agus pribhléid dom an leabhar breá seo a sheoladh!
Go raibh míle maith agaibh!