Dearcadh cúng na cruthaitheachta


Is iad acmhainní do-láimhsithe a chothaíonn nuálaíocht. Na cinn is luachmhaire ná siúd atá neamhinste, a leithéid an tsamhlaíocht, an inspioráid agus an t-iomas. Spreagann tréithe amhail féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus i gcás na hÉireann an Ghaeilge, acmhainní fiúntacha mar iad. Taispeánann taighde idirnáisiúnta gurb é an treo is fearr ó thaobh cruthaitheachta de ná deiseanna a thabhairt do daoine bheith ag smaoineamh ar bhealaí difriúla.

Buntáiste faoi leith dá bharr is ea teanga dúchasach i leith geilleagar nuálaíoch, nó mar a ghlaoitear air na laethanta seo, an ‘gheilleagar cliste’, a fhorbairt. Soláthraíonn an Ghaeilge méan ídéalach a fhréamhaíonn acmhainní sa dúchas. Is foinse mothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta a aimsiú agus a fhiosrú. Seo ról criticiúl a bhaineann leis an bhféinfhios, agus is botún bunúsach ó thaobh an gheilleagar, míthuiscint a dhéanamh faoi.

I gcúrsaí oideachais, is conas a foghlaimaíonn daoine atá tábhachtach, agus ní cad a foghlaimíonn siad. Ní féidir le tír a bheith nuálaíoch mura bhfuil tuiscint ag daoine orthu féin, cad as a dtagann siad agus cá bhfuil siad ag iarraidh dul. Tugann polasaithe a aithníonn nádúr na sochaí buntáiste iomaíoch atá cumhachtach agus inathraithe. Ní ionadh dá bharr gurb é an íomhá atá á dhíol ag IDA Ireland le hinfheisteoirí idirnáisiúnta ná cruthaitheacht, samhlaíocht agus solúbacht mhuintir na Éireann i mbun fiontar núalaíoch atá fréamhaithe sa tsainiúlacht.

Soláthraíonn oidhreacht chúltúrtha na hÉireann, ár dtraidisiún meafaireachta agus scéalaíochta, mar shampla, sár-bhonn don chruthaitheacht. Lenár dtraidisiúin dhifriúla, idir Béarla agus Gaeilge, nó éagsúlacht cultúrtha, tá bríonna difriúla scaipthe tríd an tír, buntáiste ann féin. Tá an ‘aigne roinnte’ seo, téarma de chuid an fhile Thomas Kinsella, le feiceáil i saothar leithéid an ealaíontóra Louis le Brocquy agus an fhealsaimh George Berkeley. Chothaigh James Joyce cialla difriúla ina shaothar Finnegan’s Wake chun ‘two thinks at a time’ a sholáthar, mar a dúirt sé. Faoi mar a dhein Joyce, tá an ghné dhomhanda agus an ghné áitiúl, an baile agus an deoraíocht, fite fuaite ina chéile i saothar Séamus Heaney, a chleachtann mar a deir sé féin: ‘making contradictions dance’.

Ní de bhíthin an Bhéarla amháin a éireoidh linn tionscadail nuálaíochta agus iomaíochta domhanda a chothú in earnálacha na mbogearraí, na seirbhísi idirnáisiúnta, na meán digiteacha agus a leithéid. Ciallaíonn úsáid fhorleathan an Bhéarla inár measc, scartha ón traidisiún, gur dearcadh cúng agus éadoimhin atá againn sa tír go minic. Bímid ag sú tuairimí agus coincheapa athláimhe chugainn thar farraige isteach, agus is minic a fhágtar iad gan na hathruithe cuí atá riachtanach chun cultúr fíor-nuálaíoch a chothú curtha againn orthu.

Fáth nach leor an Béarla – teanga sholúbtha na meán cumarsáide – mar ghnáth-theanga gnó na tíre seo ná nach linne amháin í. Mar thír beag, níl sé de chumas ionainn an Béarla a bheith mar gné phríobháideach againn chun sinn a chosaint ó fhórsaí iasachta. Is ar a son féin, dá réir sin, ba chóir do lucht gnó na tíre a bheith ag tacú leis an nGaeilge chun sainiúlacht, féiniúlacht agus nuálaíocht a chothú, in ainneoin nach raibh teanga ann riamh a bhí chomh forleathan agus atá an Béarla anois. Ach tá caintéoirí dúchasacha Béarla ina mhionlach, agus is céatadán iad atá ag éirí níos lú de réir a chéile; ní cainteoirí dúchasacha Béarla formhór an lucht gnó idirnáisiúnta, agus tá tábhacht leis seo: níl cainteoirí dúchais go maith i mbun a chinntiú go dtuigtear iad. Go deimhin, deirtear go reachtáltear cúrsaí gnó as Béarla níos fearr nuair nach bhfuil aon chainteoirí dúchais Béarla i láthair ar chor ar bith.

Is minic a luaitear gur buntáiste mór do na Gaeil go labhraíonn siad Béarla, ach gan an míbhuntáiste ar thagraíos dó a bheith ag cur as dóibh. Ta gaol casta idir teanga, ciall agus machnamh, ach tá fianaise ann go bhfuil nós an mhodh eolaíochta, an cleachtas a bheith ag smaoineamh i dtéarmaí adamhacha agus réadacha, dlúthceangailte le claonadh scoilteach sa Bhéarla. Cuireann an fisiceoir iomráiteach, David Bohm, an milleán ar struchtúr an Bhéarla de bharr na habairtí ann a bheith roinnte ina n-ainmní-briathar-cuspóir. Sa stíl loighciúil smaointeoireachta seo, feicter an domhain ina aonáin scoilte; feictear é trí lionsaí a fhágann gnéithe dinimiciúla agus gaolmhaireachta as an áireamh.

Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a gcaitheann siad comhoibriú leo. Foghlaimíonn siad conas difríochtí a aithint. Gineann seo níos mó measa ar a saintréithe féin, agus aigne oscailte acu i leith tionchair sheachtracha. Is féidir leo smaointí difriúla a shú chucu, agus gan a bheith faoi smacht ag tionchar an chultúir dhomhanda. Is trína bheith fréamhaithe i gcultúr agus i traidisiún, agus sa mhórtas cine is ceantair, a chruthófar an deis is fearr chun sochaí rathúil iomaíoch a bhaint amach in Éirinn. Is láidre de i bhfad a bheimid ó thaobh iomaíochta i ngeilleagar dhomhan na nua-aoise tír shainiúil a bheith againn, tír atá féintuilleamaíoch ag a bhfuil ardchaighdeáin, ach atá iltíreach chomh maith.

Léiríonn dearcadh atá ag mórán polaiteoirí agus lucht oideachais na tíre, go mór mhór ceannairí ollscoile, faoi fiúntas an Ghaeilge sa chóras oideachas cé as dáta atá siad maidir lena dtuiscint faoi nuálaíocht.

Tragóid a bheadh ann don tír dá ligfí le sruth, mar a tharlódh dá mbeadh dearcadh cúng i leith an teangan i mbarr réime, acmhainn suntasach agus uathúil an Ghaeilge.

 

Leave a comment

Your email address will not be published. Required fields are marked *