Published in: ‘Léachtaí Cholm Cille XLIV’, An Sagart, Maigh Nuad, 2014, lch. 11-21.
pdf – dúchas, dualgas & dóchas
text version follows:
Réamhrá
Tá trí príomh-théamaí ba mhaith liom a léiriú i mo léacht anocht. An chéad ceann ná go bhfuil ceachtanna fós le foghlaim as inspioráid agus aidhmeanna na hAthbheochana go mór mhór ó thaobh an nasc idir an fhís ealaíona, samhlaíochta féiniúlachta agus forbairt tionsclaíochta. Uimhir a dó, go bhfuil sé níos deachra na haidhmeanna sin a bhaint amach inniu de bharr go bhfuilimid i gcomhthéacs ar fad eile polaitaíochta, sóisialta agus teicneolaíochta. Agus uimhir a trí, go bhfuil níos mó tábhacht ná riamh do shochaí na tíre spiorad na hAthbheochana a athchruthú ó thaobh na naisc idir cuimhne, traidisiún, imfhios, féintuiscint, féinmheas agus cruthaitheacht.
San Athbheochan, chonaic siad súid a bhí páirteach ann ár n-acmhanní cultúrtha, daonna agus nádúrtha mar gnéithe ríthábhachtacha in eitic nuálaíochta. Sheas eagraíochtaí na hAthbheochana – a leithéid Conradh na Gaeilge, Gluaiseacht na gComharchumann, Cumann Lúthchleas Gael agus Amharclann na Mainistreach, fiú iad súid a bhí dírithe go príomha ar Eolaíocht an Nádúir nó Stair an Dúlra – mar chomhaontas leathan féinchabhrach a dhein iarracht saol sóisialta, eacnamaíocha agus polaitíochta na tíre a athrú ó bhun go barr.
Bhí tréithe mar féinchabhair, féinthuiscint, féinmheas, féiniúlacht agus féinmhuinín mar dhlúthchodanna den ghluaiseacht.[1] Sé bhí san Athbheochan ná iarracht fuinniúil ó intleachtóirí, ealaíontoírí, díograiseoirí teanga, eagraithe comharchumainn, feirmeoirí, scíobhnóirí, filí, tírghráthóirí idéalaíocha, leasaitheoirí sóisialta agus ‘aislingeoirí praiticiúla’ chun féiniúlacht nua Éireannach a athchruthú, nó chun teacht ar thuiscint nua ar cad is Gael ann a chruthú. Thángadar ó gach taobh den tír, creidimh agus dearcadh polaitíochta chun idéalachas, cuimhne, spiorad tírghrách agus eolaíocht phraiticiúil a chur chun cinn.
Bhí an ghluaiseacht nua-aimseartha, chun tosaigh agus an-domhanda, ag féachaint thar lear le haghaidh inspioráid agus smaoinimh nua, dúil faoi leith i bhfoghlaim agus chun ról a imirt i domhain níos leithne. Thaistil eagraithe comharchumainn Éireannacha mar Horace Plunkett agus a chomhpháirtithe ar fud na Mór-Roinne chun staidéar a dhéanamh ar na dea-chleachtais ab fhearr ó thaobh riaradh eagraíochtaí talmhaíochta agus teicneolaíochta de, a leithéid an ghluaiseacht chomhair chreidmheasa Raiffeisen sa Ghearmáin.
Bhí eagraithe Lucht Oibre mar James Connolly agus James Larkin ag déanamh fiosrúcháin maidir le sóisialachas idirnáisiúnta, agus bhí ceannairí polaitíochta náisiúnacha fíor-ghnóthach ag chothú nascanna forleathanna le eagraíochtaí agus scéimeanna tiomsaithe airgid, go mór mhór sna Stáit Aontaithe. Chonaic Connolly go raibh baint díreach idir meath an teangan agus easpa smaointeoireacht ag cinnirí Gaelacha maidir le forbairt sóisialta, náisiúnta agus intleachtúla. Bhí an Piarsach an-tógtha le chóras oideachais na Beilge agus an tslí ina raibh an tír sin in ann dhá theanga náisiúnta a láimhseáil.[2] Léirigh an páipéar, The United Irishman, a d’fhoilsidh Arthur Griffith agus William Rooney idir 1899 agus 1906, nach raibh aon chiall le náisiúnacht polaitíochta gan athbheochan teangan in éindí leis.
B’é léargas lárnach Dhúghlás de hÍde agus bunaitheoirí Conradh na Gaeilge mar Eoghan Ó Gramhnaigh ná nach n-éireodh leis na Gaeil a gcuid póiteinseal a bhaint amach go dtí gur fhoghlaim siad conas féin-mhuinín agus féin-mheas a ghnóthú dóibh féin. Bhí athbheochan an Ghaeilge mar dhlúth-chuid den fhís sin. Cé go raibh an Chonradh lárnach i gcothú na cruthaitheachta, níor éirigh leis an eagraíocht léiriú math a dhóthain conas go beacht go mbeadh an Ghaeilge, mar chuid lárnach dár bhféiniúlacht cultúrtha, in ann tionchar a bheith aige ar an bpróiseas forbartha.
Cé go raibh na gluaiseachtaí ar fad a mhúnlaigh an Athbheochain neamhspléach óna chéile bhí siad idirghaolmhar, iad ag díriú ar an dtodhchaí ach fréamhaithe go háitiúil. Bhí súil siar acu ó thaobh inspioráid de ach iad ag oibriú mar cineál gorlann cruthaitheachta agus fiontraíochta i gnéithe difriúla den saol náisiúnta. D’fhreastal siad mar fórsaí cumhachtacha athraithe a léiridh fís iontach spreagúil: neamhspléachas polaitíochta, féinmhuiníneach, shaibhir ach féin-comhlíonta maidir le spioradáltacht agus cultúr. Cé nár léiríodh an fhís seo mar fhorógra gan uaim, a snáitheanna leithleacha agus an fhéiniúlacht a chuireadh i láthair bhí sé láidir ach gan bheith aonfhoirmeach.
Bhí saintréithe áirithe lárnach i ngach eagraíocht Athbheochana: na príomhchinn ná misneach mórálta nó carachtar. Ghlac Horace Plunkett agus Gluaiseacht an Chomharchumannachais, mar shampla, gur i lámha na nGael féin, ní lámha stróinséirí, a bhí a gcuid fhorbairt. Bhí carachtar freisin ag chroílár theachtaireacht Chonradh na Gaeilge, gluaiseacht radacach oideachasúil agus tionsclaíoch. I gceartlár a chuid fealsúnachta bhí an tuairim nach raibh sé ar chumas phearsantacht na nGaeil a bhaint amach go hiomlán ach laistigh le thimpeallacht chultúrtha oiriúnach dó féin. Ghlac an Chonradh nach féidir le pearsantachtaí cruthaitheacht chomhtháite a mhúscailt ach laistigh de phobal comhtháite le taithí uathúil agus leanúnach dá chuid féin.[3]
Ag dul ar aghaidh go dtí na seascaidí, a ghlaoim An Dara Athbheochan ar, tá a lán ceachtanna freisin le fáil ó brí féinmhuiníneach agus cultúrtha an tréimshe seo. Tóg T.K. Whitaker, duine a bhí mór-fhreagrach as geilleagar na tíre a oscailt don domhain amuigh: bhí seasamh cultúrtha ag ceartlár a fhíse. Nó smaoinigh ar Seán Ó Riada, an ealaíontóir iarchogaidh is mó le rá sa tír, é féinmhuiníneach le meas sofaisticiúil faoi leith aige don traidisiún.[4] Chomhtháithigh Ó Riada an dúchas agus an idirnáisiúnachas a gheall fíor fhorbairt, lonnaithe sna buanna dúchasacha agus athshealbhú náisiúnta go raibh Éireann tógtha leis sna seascaidí. Thug a scór ceol neamhghnách don scannán a dhein George Morrison do Gael-Linn, Mise Éire, ardú meanman do-chreidte do phobail ar fud na tíre.
Geilleagair ‘Cliste’
Chun an argóint seo a fhorbairt, tabharfaimid stracfhéacaint ar na difríochtaí idir dhá paraidím nó Aois mar atá léirithe anseo. Tá ceann amháin, Aois Thionclaíoch, bunaithe ar an ré atá imeacht ar gcúl de réir a chéile, agus ceann eile, Aois na hInbhuaineatheachta, bunaithe ar an ré atá ag teacht go tapaidh ar an bhfód. Tá difríochtaí bunúsacha idir fiontair atá bunaithe san dá ré sin. Sa tseanré, úsáidtí acmhainní doláimhsithe chun fiúntas a bhaint as acmhainní inláimhsithe. A mhalairt atá ar siúl san Aois nua: úsáidtear na hacmhainní inláimhsithe chun fiúntas a ghnóthú as acmhainní doláimhsithe.
Ciallaíonn sin go bhfuil níos lú tábhacht ag baint le réasúnaíocht i gcomparáid le mothúcháin agus féiniúlacht, fás i gcomparáid le forbairt, nó smacht i gcomparáid le foghlaim agus ciall, cuir i gcás. I nuálaíocht na linne seo, caitear eagraíocht a shamhlú mar neach beo ag a bhfuil radharc fadtéarmach bunaithe ar fhorbairt, ar bheocht agus ar fholláine, seachas í a shamhlú mar inneall; ní meon an ghearrthéarmachais bunaithe ar fhás agus ioncam a thagann i gceist. In ionad smacht agus costais a bheith in uachtar, is é atá in uachtar ná foghlaim, ciall, gaolta agus muinín, gnéithe atá thar a bheith teibí. Tá daonnacht an duine ag éirí níos tábhachtaí agus níos luachmhaire mar acmhainn in aghaidh an lae!
Caithfidh béim a bheith anois ar chomhrá agus comhchiall mar tá an geilleagar ag bogadh ó cheann a bhí bunaithe ar thairgí go dtí ceann bunaithe ní amháin ar seirbhísí ach ar eispéiris freisin. Is eispéireas é imeacht cuimhneathach ina úsaideann eagraíocht a chuid seirbhísí mar stáitse agus a chuid earraí mar thacaí, chun dul i ngleic lena chustaiméirí. Eachtraí pearsanta iad eispéiris, nach bhfuil beo ach amháin in aigne an duine atá gafa ar leibhéal mothúcánach, fisiciúil, intleachtúil agus spioradálta. Cosúil le dráma ar bith, ní bhíonn an t-eispéireas céanna ag aon bheirt, mar eascraíonn sin ón nasc idir an eachtra ar an stáitse agus freagairt gach duine sa lucht éisteachta nó féachana dó.
Céim sa treo ceart is ea coincheap an Gheilleagar Cliste [‘Smart Economy’] a d’fhógair an Rialtas tamall de bhlianta ó shin. Tugtar aitheantas faoi leith don idirspleáchas idir na cineálacha éagsúla caipitil nó acmhainní: daonna, fisicúla, nádúrtha, cultúrtha agus sóisialta. Cé nach bhfuil seo léirithe in aon chor i gcáipéisí an Rialtais, tá sé soiléir gurb as na naisc chaipitil sin a spreagtar na tréithe fíor-luachmhara úd in Aois na hInbhuaineatheachta, féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios. An dúshlán mór atá ann ná spás idirmheánach a chothú atá cothromaíoch, eiticiúil, idirspléach, dinimiciúil, inbhuanaitheach, fiúntach agus freagrach. Chun eagras foghlama a fhorbairt, caithfidh an pobal cumas smaointe, eolas agus scileanna nua a shú isteach agus ag an am céanna é féin a thrasfhoirmiú go leanúnach. In eagras foghlama, bíonn daoine ag síorfhorbairt a gcumas chun na fíor-thorthaí atá uathu a aimsiú. Is mar sin a bhunathraíonn eagrais iad féin go leanúnach, gach ceann ag díriú ar a chroíchumas féin, ach ag braith ar an tionscadal, ag lionrú le heagrais difriúla le croíchumais eile.
Braitheann buntáiste iomaíochta na hÉireann ar a éifeachtaí is atá ár gcaipiteal inláimhsithe, mar aon lenár gcaipiteal doláimhsithe, á gcothú. Ach cén fáth, mar sin, nach mbaintear i bhfad níos mó feidhme as ár saintréithe ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de? Buntáiste speisialta is ea teanga dúchasach i leith geilleagar nuálaíoch le Geilleagar Cliste a fhorbairt. Tragóid a bheadh ann dá ligfí le sruth acmhainn chomh suntasach agus uathúil leis. Ach tá gá le h-athraithe radacacha chun an deis a thapú!
Tóg cúrsaí oideachais ach go háirithe, an gnéith is tábhachtaí ná conas a foghlaimaíonn daoine, ní cad a foghlaimíonn siad. Méadaíonn fiúntas nuair atá ciall, eispéireas agus féiniúlacht á ndoimhniú, ag dul ó shonraí go faisnéis, eolas, tuiscint, eagna agus trasfhoirmiú. Tarlaíonn an fiúntas is mó tríd inspioráid, samhlaíocht, cruthaitheacht agus áilleacht a chothú. Baineann an fiúntas is lú leis an eolaíocht, teicneolaíocht agus eacnamaíocht fad is atá siad deighilte ó litríocht, fealsúnacht, diagacht agus na healaíona. Tá sé tábhachtach cúrsaí smaointeoireachta a lagú, ní a láidríu faoi mar a cheaptar go minic, an fáth go bhfuil ról faoi leith ag na healaíona i gcruthú an tsochaí nuálaíoch.
Tá ról an chultúir i bhforbairt chúrsaí nuálaíochta ag éirí níos tábhachtaí de réir an lae. Ach ní shamhlófá san ón easpa suime a léirítear i bpolasaithe an Stáit nó ag ceannairí institiúidí oideachais sna naisc idir an todhchaí agus póiteinseal ár n-acmhainní cultúrtha. I gcomparáid leis an ré atá thart, ina raibh an tír seo ag braith ar infheistíocht choigríche, tá todhchaí iomaíochta na hÉireann anois ag braith go mór ar an nuálaíocht dúchasach. Is é forbairt cumais, achmhainní daonna nó an modh smaointeoireachta atá mar bhun-chloch dó súid. Tá tábhacht as chuimse ag baint leis an chomhthéacs foghlama. Beidh ar cúrsaí léinn a bheith bunaithe ar idirmheáin a dhéanamh idir an saol áitiúil agus an saol domhanda. Caithfear iarracht a dhéanamh meon raidiciúil a chothú, chruthaitheacht a fhorbairt agus idéalachas a spreagadh. Ní hé gineadh eolais nua an rud is tábhachtaí inniu ach teacht ar eolas domhanda, líonrú agus ag cothú cónaisc. Caithfear fréamhúlacht a fhorbairt – timpeallacht chultúrtha, sóisialta agus spioradálta a bhunathraíonn daoine, a chothaíonn difríochtaí aonair ach a spreagann muintearas ag an am céanna, mar shampla. Foghlaimaíonn daoine óga, go mór mhór tríd na healaíona fréamhaithe sa dúchas, conas iad féin a ath-chruthú. Tugann seo bealach dóibh chun a gnéithe inmhéanacha a chleachtadh agus a iniúcadh ionas go mbeidh siad in ann athraithe a láimhseáil agus iad oscailte do féidearthachtaí nua. Tá áit oibre an lae inniu lán de débhríocht agus caithfidh daoine óga breithiúnas a chleachtadh i gcomhthéacs gan rialacha. Forbraíonn inspreagadh intreach, a aithnítear tríd cuspóir, floscadh agus spraoi, glaoch agus misean faoi leith dóibh. Seo ullmhúcháin atá iontach luachmhar chun tabhairt faoi iontais agus neamhchinnteachtaí an todhchaí.
Cultúr & Nuálaíocht
Ghlac tíortha mar an Fhionlainn, an Danmhairg agus an Iorua i bhfad siar ó shin go bhfuil géarghá le hathnuachan cultúrtha chun féinmheas náisiúnta a athshlánú. Tá meas faoi leith acu ar an nasc idir fréamhúlacht, ard-eitic oibre agus conas pobal núalaíoch cumasach a chothú. Sa Fhionlainn, mar shampla, tír a mholtar go minic d’Éireannaigh aithris a dhéanamh air, is iad tréithe mar mothúcháin láidir náisiúnta, teanga uathúil agus dlúthchumann leis an saol nádúrtha mar aon le comhcheangailtí láidir idirnáisiúnta a sholáthraíonn ciallú do dhaoine, nithe riachtanach sa tsochaí nuálaíoch ann.[5] Is minic a dhíríonn tráchtairí Éireannacha ar an méid mór airgid a chaitear sa Fhionlainn ar taighde agus forbairt (R&D) ach ní dhéantar aon tagairt ar an gcultúr mar an thréith eochrach. Níl aon dabht ann ach gur féidir lenár gcultúr féin a bheith chomh tábhachtach céanna mar thiománaí nuálaíochta anseo.
Sa Danmhairg, is é bunús an chultúir foghlama ná an mórtas dúthaí láidir a thairiscítear do daoine óga, fréamh láidir as a bhfásann siad.[6] Tuigeann mic léinn, dá bharr, go gcaithfaidh siad acmhainní nádúrtha an domhain a úsáid, gan cur isteach ar chothromaíocht nádúrtha, mar aon le meon freagrach ar cheisteanna sóisialta. Foghlaimaíonn siad conas meon freagrach a bheith acu ar shochaí agus ar chultúr a dtíre féin mar aon le tíortha eile, ag glacadh le slite difriúla smaointeoireachta maraon le cothú láidir saoránachta. Tá tionchar fós ag choincheap ghluaiseacht scoileanna béaloideasa Grundtvig san naoú aois déag ar chúrsaí oideachais sa Danmhairg. Soláthraíonn an tréith seo mothú doimhin misin agus cuspóir, as a spreagtar carachar agus féiniúlacht an duine. Cé go gcothaíonn seo meon dearfach i leith cultúr agus sochaí na Danmhairge, múineann sé, freisin, tírghrá nach ligtear díspeagadh ar aon tír eile a theacht as.[7]
Tá dearcadh cultúrtha ag éirí níos tábhachtaí maidir leis an cheol a éisteann daoine leis, na héadaí a chaitheann siad, an bia a itheann siad. Éiríonn blas pearsanta aníos ó tuiscint atá fréamhaithe i luachanna agus eispéiris cultúir agus dúthaigh faoi leith.[8] Cothaíonn stair, cultúr, geilleagair agus tíreolaíocht áit faoi leith do eagraíochtaí láthair-lárnaithe. Tá siad seo margadhthiomáinte agus miseanlárnaithe, go hidéalach le claonadh doimhin i dtreo mórtas dúchaí láidir acu. Bíonn siad ag oibriú sa spás geamhach sin idir an rannóg brabúsach agus an rannóg seachbhrabúsach, agus spreagann siad pobail beoga trí thionscnaimh a luíonn go hiontach leis an áit tríd misean a fréamhú i stair, cultúr agus éiceolaíocht an cheantair mórthimpeall. Tá sé mar aidhm acu luach eacnamaíochta fadtéarmach a sholáthair don phobal trí buanna intreacha na háite a chothú.
Tá clú faoi leith ar an Fhrainc agus an Iodáil, mar shampla, de bharr tionscail ceardaithe atá bunaithe ar terroir a gcuid ithir, dlúthcheangailte le tréithe sóisialta agus cultúrtha a réigiúin.[9] Tóg mar shamplaí fíon, seaimpéiní, beoracha, cáis, aráin agus táirgí bia eile go bhfuil gnéithe caolchúiseacha i leith a ionad tionscnaimh. Tá gníomhaíochtaí mar iad casta agus saibhir, fréamhaithe sa chultúr agus sa nádúr, inathraiseach, agus níos tábhachtaí ná aon rud, stiúrtha le meas doimhin ar ithir na háite. San Fhrainc, go deimhin tír go raibh poblachtánachas Saorstát Éireann bunaithe air, is meascán daonnachas agus náisiúnachas an córas polatíochta agus geilleagar ann.[10] Is é cultúr ceann de bhunchlocha na Fraince, gné atá thar a bheith tarraingteach do chuairteoirí.
Léiríonn an Iodáil, ach go háirithe, an tábhacht a bhaineann le cultúr, mothúcháin agus ciall i gcúrsaí fiontraíochta agus iomaíochta. Ní féidir le stróinséirí aithris a dhéanamh ar dearadh Iodálach, oidhreacht ealaíona agus ceartaíochta forbartha thar na glúine, acmhainní atá ríthábhachtach ó thaobh nuálaíochta de. Seo tuiscint ar luachanna, pearsantacht agus féiniúlacht a théann thar aon stíl nó nós faoi leith. Tá ardchumas ag déantúsóirí Iodáileacha chun ciall táirgí nua a thuiscint, a réamh-mheas agus tionchar a imirt orthu. Mar a deir Roberto Verganti fúthu:
……(they) search for radically new design languages by looking at socio-cultural phenomena that are not so visible now but that will be trends tomorrow and reality in the future. They do not look at the phenomenon of the ‘bandwagon’. Instead they detect the whispers of the current socio-cultural models, identify those feeble voices that are likely to get louder in the future, select from among them those whispers that best meet their own values, and help those voices become understandable and meaningful in a new product offering.[11]
Tá go leor samplaí ar fud na hEorpa de fiontair áit-bunaithe rathúla. Léiríonn siad nach féidir le tír bheith nuálaíoch muna bhfuil tuiscint ag daoine orthu féin: cad as a dtagann siad agus cá bhfuil siad ag iarraidh dul. Tugann polasaithe a aithníonn nádúr agus braistintí na sochaí, gnéithe a thiomáineann cúrsaí gnó na tíre, buntáiste iomaíoch atá cumhachtach agus inathraithe.
Mórtás Dúthaí
Is paradacsa é gur ag méadú seachas ag laghdú atá tábhacht an chultúir i ndomhan ina bhfuil margaí nasctha, córais iompair mearlínte agus cumarsáid ardluais chun tosaigh. Baineann buntáiste le difríocht, le háiteanna faoi leith, le luachanna pobail agus mothúcháin féiniúlachta. De réir mar atá an geilleagar domhanda ag éirí níos casta, eolasbhunaithe agus dinimiciúil, is mó atá seo amhlaidh. Na tíortha atá in ann margaí domhanda a nascadh le cultúr, sainiúlacht, traidisiún agus mórtas dúthaí, is iad siúd na tíortha a mbeidh rath fadtéarmach orthu.
Le domhandú, tá níos mó, seachas níos lú, tábhachta ag baint leis an dúchas: tá eolas domhanda, ach tá foghlaim agus nuálaíocht áitiúil! Is iad na hacmhainní is luachmhaire agus is inbhuanaithí iad siúd atá neamhinste: an tsamhlaíocht, an inspioráid, an t-iomas agus intleachtacht, cuir i gcás. Taispeánann taighde idirnáisiúnta gurb é an treo is fearr ó thaobh cruthaitheachta de, ná deiseanna a thabhairt do daoine bheith ag smaoineamh ar bhealaí éagsúla. Bíonn pobal, réigiún nó tír cruthaitheach nuair atá acmhainní atá suntasach, sainiúil, annamh, do-athraithe agus luachmhar acu, iad ag smaoineamh i slite difriúla nó ag léiriú na dtréithe faoi leith atá acu. Beidh buntáiste iomaíoch mar sin san aois nuálaíoch ag tíortha a bhfuil acmhainní dá leithéid á gcothú i timpeallachtaí cumhachtacha foghlama. Ciallaíonn sin go mbraitheann buntáiste iomaíoch inbhuanaithe na hÉireann ar a bheith difríúil agus uathúil; daoine ag mothú éagsúil is ag macnamh go domhanda cé fréamhaithe i bhféiniúlacht chultúrtha.
Spreagtar acmhainní fiúntacha as tréithe amhail féintuiscint, féinmhuinín agus féinfhios, iad fréamhaithe sa dúchas, agus, i gcás na hÉireann, an Ghaeilge. Is é sin le rá, is as mórtas dúthaí a spreagtar brí nó ciall, agus an chruthaitheacht dá réir. Soláthraíonn an Ghaeilge meán idéalach a fhréamhaíonn acmhainní sa dúchas. Is foinse mothúchánach í a thugann deis do dhaoine a bhféiniúlacht chasta féin a aimsiú agus a fhiosrú. Seo ról criticiúl a bhaineann leis an bhféinfhios, agus is botún bunúsach ó thaobh an gheilleagair de, gan é sin a thuiscint i gceart.
Tá ról lárnach ag mórtas dúthaí mar láthair ghorlainne núalaíochta. Siad na tíortha a n-éireoidh leo san todhchaí ná iad siúd a bhfuil meas acu ar a n-oidhreacht agus bród acu aisti. Murab ionann agus fadó – tráth ar bhain tábhacht ó thaobh costaisí gnó a bheith lonnaithe in eastát tionsclaíoch – is amhlaidh gurb é is tábhachtaí anois ná daoine a mhealladh go dtí dúiche uathúil nó a bheith thar as an ngnáth. Na háiteanna a mheallfaidh daoine agus eagraíochtaí chucu ná iad siúd is cruthaithí, is mó iomaíochta agus is airde chaighdeán maireachtála dá réir. Áiteanna as an ngnáth iad seo, a mbaineann inbhuanaitheacht agus sainiúlacht leo.
Is as an cháilíocht, uathúlacht, iomláine, éagsúlacht agus nádúr a bhaineann le háit faoi leith a bhíonn sé tarraingteach do dhaoine chruthaitheacha. Ba chóir polasaithe beoga agus cruthaitheacha a chur i bhfeidhm, an Ghaeilge mar ghné rí-thábhachtach ann, chun mórtas dúthaí a ath-chothú. Cothaíonn áit speisialta gné faoi leith ó thaobh forbairt eacnamaíoch, sóisialta agus timpeallachta de. Ba chóir go mbeadh beocht teangan lárnach i gcúrsaí anailís bheartais mar aon le hinbhuanaitheacht, cáilíocht beatha, folláine agus saoránacht má tá Éire chun bheith mar sochaí rathúil.
Mar a léirigh Breandán Ó Doibhlin, tá cúrsaí teangan, pobal agus an áit dúchais dlúth-cheangailte le chéile.[12] Deir sé gurb iad na fórsaí a chothaigh na Gaeil in am an ghátair ná mothúcháin uathúil, diúltú glacadh le teip, agus doimhin-tuiscint acu maidir le leanúchas idir an am atá thart agus an todhchaí:
Ar deireadh thiar thall, is é sin is féiniúlacht ann, nó cultúr Gaelach, an rún daingean chun maireachtáil beo, chun an bua a bhreith ar fhórsaí an mhillte agus an bháis, ar chreimeadh an ama agus an lagmhisnigh, agus ar na feidhmeannaigh sin an bháis: an urchóid, an foréigin intinne agus an daorsmacht.[13]
Má láimhseáltear i gceart é, tiocfaidh sochaí beoga dinimiciúil, le tionchar mór ó inimircigh, as na naisc cruthaitheachta idir na traidisiúin difriúla, ó thuaidh is ó dheas, ar an oiléan seo. Sé an dóchas mór ná oscailt intinne na n-inimircigh agus an suim a léiríonn a lán acu sa Ghaeilge, fiú i dteannta soiniciúlacht agus fuarchúis na ndúchasaigh. Tá an-suim ag daoine nua-thagtha inár measc sa dinimic áite, agus fonn orthu dílseacht a léiriú dó. Ach de réir tuairiscí, feiceann a lán inimirceach nach bhfuil tuiscint láidir ag na Gaeil ar a gcultúr féin: nach eol do formhór acu cé hiad ná cad ar a shon a sheasann siad.[14] Baintear geit go minic as inimircigh, iad féin chomh bródúil as a dteanga dhúchais, nuair a fheiceann siad an gaol ciotach atá againne lenár dteanga, an diúltacht a léirítear go minic ina leith, chomh ‘neamhúsáideach’ is atá an Ghaeilge, mar a deir roinnt maith leo![15]
Bíonn meas ag daoine atá fréamhaithe ina gcultúr féin ar an éagsúlacht a bhaineann le daoine as cultúir eile a gcaitheann siad comhoibriú leo. Foghlaimíonn siad conas difríochtaí a aithint. Gineann seo níos mó measa ar a saintréithe féin, agus aigne oscailte acu i leith tionchair sheachtracha. Is féidir leo smaointí difriúla a shú chucu, agus gan a bheith faoi smacht ag tionchar an chultúir dhomhanda. Is trína bheith fréamhaithe i gcultúr agus i traidisiún, agus sa mhórtas cine is ceantair, a chruthófar an deis is fearr chun sochaí rathúil iomaíoch a bhaint amach in Éirinn. Is láidre i bhfad a bheimid ó thaobh iomaíochta de, i ngeilleagar dhomhan na nua-aoise, tír shainiúil a bheith againn, tír atá féintuilleamaíoch agus ar ardchaighdeáin, ach atá iltíreach chomh maith.
Críoch
Tá an bhéim a chur mé ar charachtar agus athshealbhú cultúrtha níos tábhachtaí inniu ná riamh leis an crut ina bhfuil geilleagar agus sochaí na tíre ach go háirithe. Caithfidh tír bheag mar Éire eitic scothsheirbhís a lonnú i gcroílár a cuid polasaithe táirgiúlachta, nuálaíochta agus iomaíochta. Chiallódh san go gcruthófaí forbairt atá fréamhaithe sa dúchas agus inbhuanaitheach, náisiún iomaíoch go hidirnáisiúnta ach sainiúl go smior.
Ach faraoir, le tréithe iarchoilíneachais fós i réim, tá teachtaireacht spreagúil na hama sin caillte sa lá inniu ag formhór de lucht cheannais polaitíochta agus institiúidí oideachais na tíre. Dá mbeadh siad oscailt-aigeantach, tá ceachtanna fíor-luachmhara le foghlaim fós faoi brí féinmhuiníneach agus cultúrtha ar chumas na healaíona i bhforbairt geilleagrach na hÉireann.
Laistigh de 90 bliain, tá Éire tar éis bogadh ó thaobh amháin go taobh eile: ó chultúr agus féiniúlacht i gceartlár na físe náisiúnta go dtí a mhalairt ina bhfuil eolaíocht, réasúntacht agus margaí idirnáisiúnta in uachtar. Ach braitheann todhchaí forbartha na tíre ar úsáid a bhaint as tréithe dearfacha den dá thaobh ionas go mbeimid iomaíoch ó thaobh geilleagair de agus é sin comhcheangailte le timpeallacht inbhuanaithe agus cothromas sóisialta.
B’fhéidir, de bharr na glúine a tháinig i réim sna 26 Contae i ndiaidh 1922, go gceaptar go bhfuil coinbhliocht idir mothúcháin láidir féiniúlachta agus nuálaíocht agus nua-aoiseachas, ach níl sin amhlaidh. Cé go bhfuil an argóint seo ar son nuálaíochta agus nua-aoiseachais i bhfad ó thuairimí Éamon de Valera agus a bheartas féindóthaine, tá sí ag teacht mar dhearcadh lena thuairimí maidir le fiúntas ár n-acmhainní dúchasacha. Léirigh Michael Collins tuairim láidir ar an dul sin leis na focail seo:
The biggest task will be the restoration of the language. How can we express our most subtle thoughts and finest feelings in a foreign tongue? Irish will scarcely be our language in this generation, or even perhaps in the next. But until we have it again on our tongues and in our minds we are not free….[16]
Ní déantán marbh frith-nua-aimseartha agus frith-gheilleagrach é acmhainn chultúrtha mar theanga, ach foinse dhinimiciúl agus uathúil. Ná ní dearcadh cumhach ná saonta é a rá go mbraitheann todhchaí iomaíochta idirnáisiúnta na hÉireann ar a bheith difríúil agus uathúil. Cé gurbh é Seán Lemass an duine a bhí freagrach as Éire a oscailt don trádáil idirnáisiúnta, thuig sé go maith an tábhacht a bhaineann le sainiúlacht. Chreid sé gurbh iad na tréithe dúchasacha a spreagann pobal chun saothrú ar son dul chun cinn a dtíre, gnéith dá shaothar nach ndéantar mórán tagairt dó anois ag lucht a pháirtí ná go deimhin ag páirtithe eile a bhí bunaithe ar an bprionsabal céanna.
Tá clú na tíre seo mar áit ina bhfuil cultúr uathúil saibhir ag dul ar gcúl de réir a chéile. I ndeireadh na dála, tá sé i bhfad níos éifeachtaí sochaí nuálaíoch a bhaint amach trí dhíriú ar phobail shláintúla a chothú. Sa todhchaí, is iad na tíortha a chuireann béim ar chaipiteal cultúrtha agus sóisialta a chothóidh na fiontraithe is cruthaithí chun cur go mór le caighdeán maireachtála na tíre. Cinnte, spreagfadh a leithéid togra náisiúnta le fís bunaithe ar oidhreacht, teanga agus inbhuanaitheacht daoine ó chultúir difriúla.
Agus geilleagar na hÉireann athraithe ó bhun go barr, tá sé soiléir go soláthraíonn ár n-oidhreacht chúltúrtha, saintréithe na hÉireann, an buntáiste iomaíoch is mó atá againn. Is acmhainní uathúla iad traidisiún, teanga, mórtas cine is ceantair agus féiniúlacht; gnéithe iad dá n-úsáidfí i gceart a thiománfadh ár mbuntáiste iomaíoch. Is trua nach mbaintear i bhfad níos mó feidhme as na saintréithe seo ó thaobh polasaithe nuálaíochta de. Dá ndéanfá amhlaidh, thiománfadh san núalaíocht, foghlaim agus todhchaí sochaí na tíre.
Tagairtí
[1]Mathews, P.J. (2003), Revival: The Abbey Theatre, Sinn Féin, The Gaelic League and the Co-operative Movement, Notre Dame, IN: University of Notre Dame Press.
[2]Ó Buachalla, S. (eag.) (1980), A Significant Irish Educationist: The Educational Writings of P.H. Pearse, Corcaigh: Mercier Press.
[3]Ó Tuama, S. (1972), ‘The Gaelic League Idea in the Future’ i S. Ó Tuama (eag.), The Gaelic League Idea, Corcaigh: Mercier Press, lch 98-109.
[4]Marcus, L. (1981), ‘Seán Ó Riada’ i R. O’Driscoll (eag.), The Celtic Consciousness, Baile Átha Cliath: Dolmen, lch 341-347.
[5]Castells, M. & Himanen, P. (2002), The Information Society and the Welfare State: The Finnish Model, Oxford: Oxford University Press.
[6]Breathnach, A. & Aylward, A. (1983), Education, Innovation and Entrepreneurship: Lessons to be Drawn from Denmark and Norway, Baile Átha Cliath: EIE Pilot Research Programme Contract 1983/33/5.
[7]Borish, S.M. (1991), The Land of the Living: The Danish Folk High Schools and Denmark’s Non-Violent Path to Modernization, Nevada City, CA: Blue Dolphin.
[8]OECD (1996), Territorial Development and Human Capital in the Knowledge Economy: Towards a Policy Framework, LEED Notebook, Uimhir 23, Páras.
[9]Shrivastava, P. & Kennelly, J. (2010), ‘Field of Care: Place, Sustainability and Organizations’, Páipéar Oibre.
[10]‘French lesson for our arts ministers’, Irish Times, 27 Meitheamh 2008.
[11]Verganti, R. (2003), ‘Design as Brokering of Languages: Innovation Strategies in Italian Firms’, Design Management Journal, Samhradh, lch 34-42 (lch 38).
[12]Ó Doibhlin, B. (2004), An Cultúr Gaelach: Cosaint na Daonnachta, Paimfléad 5, An Aimsir Óg, Baile Átha Cliath: Coiscéim.
[13]Ó Doibhlin, ibid., lch 40-41.
[14]‘We need vision of who we are and what we want to make migration work’, Irish Times, 27 Meitheamh 2007.
[15]‘New Irish may save language’, Irish Times, 26 Meitheamh 2006.
[16]Collins, M. (1996), The Path to Freedom: Articles and Speeches by Michael Collins, Corcaigh: Mercier Press, lch 71.