Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch

10.00

Léiríonn an leabhar gurb i ré nua na faisnéise is na hinbhuanaitheachta, ní haon mhíbhuntáiste dúchas is teanga na nGael, ach acmhainní láidre a chuirfidh ar ár gcumas a bheith chun tosaigh sa nuálaíocht.

In stock

Description

http://www.finbarrbradley.ie/finbarr-bradley-publications/books/meon-gaelach-aigne-nualaioch/http://www.finbarrbradley.ie/finbarr-bradley-publications/books/meon-gaelach-aigne-nualaioch/Is minic a deirtear go bhfuil an traidisiún, saintréithe na nGael go háirithe, ag teacht salach ar an rath eacnamaíochta, gur gá dúinn éirí as agus glacadh le meon fuarchúiseach na nua-theicneolaíochta ina áit. Ach is dallamullóg é sin, míthuiscint bhunúsach ar chúrsaí eacnamaíochta.

I ré nua na faisnéise is na hinbhuanaitheachta, tá gá le mothúcháin, cruthaitheacht, féiniúlacht, seachas smacht gan smaoineamh. Sa saol seo, ní haon mhíbhuntáiste dúchas is teanga na nGael, ach acmhainní láidre a chuirfidh ar ár gcumas a bheith chun tosaigh sa nuálaíocht. Tarraingíonn an t‑údar ar chúinsí na hÉireann agus fianaise idirnáisiúnta, taithí na staire agus fíricí ár linne féin, léamh smaointeoirí eile agus a chuid machnaimh féin. Cuirfidh a argóint cor nua sa díospóireacht ar a bhfuil romhainn mar shochaí.

Paperback: 48 pages

Publisher: Coiscéim, Baile Átha Cliath 13 [Dublin 13], Ireland (7 September 2011)

Language: Irish/Gaeilge

ISBN: N/A

Product Dimensions: 21.0 x 14.9 x 0.5 cm

Tá an leabhar le fáil chun ceannach ar líne anseo.

Reviews

There are no reviews yet.

Be the first to review “Meon Gaelach, Aigne Nuálaíoch”

Your email address will not be published. Required fields are marked *